Activities
Gníomhaíochtaí
Kilcar has lots to offer the active visitor. From hill walking to cycling, swimming, diving, fishing and even boat trips round the beautiful cliffs of Bunglas in nearby Teelin.
There are two beautiful clean beaches in the Kilcar area; Muckross beach on the coast road between Kilcar and Killybegs, and Port a' Chabhlaigh beach on the coast road between Kilcar and Carrick.
The beach at Muckross often has good waves for extra splashing fun, and the extra active visitor will have a treat in store if he or she ventures over the road to Muckross Head, surely one of the most spectacular sights in the country.
The beach at Port a' Chabhlaigh is particularly safe for swimmers of all abilities,and don't be put off by the brown turf which can be seen on the sand in some parts of the beach. This is the result of a mountain stream which runs over the beach and is perfectly natural and safe.
Agus tú ar cuairt anseo i gCill Chartha – tá do rogha rud le déanamh le do chuid ama a chaitheamh – siúlóidí sléibhe, rothaíocht, snámh agus tumadóireacht, iascaireacht nó níos fearr arís cad faoi thuras báid faoi aillte Bhun Glas i gceantar Theileann.
Tá tráigheanna ar leith ins an cheantar chomh maith – Trá Bhán amuigh ar an Mhucros ar bhóthar an chósta idir Na Cealla Beaga agus Chill Chartha, agus Trá Phort a’ Chabhlaigh ar bhóthar an chósta ar do bhealach i dtreo na Carraige.
Thig a lán spraoi a bheith agat agus tú ar Thrá Bhán ar an Mhucrois. Trá é ar a mbíonn na tonnta láidre go minic ann. Gar don tráigh seo tá Ceann Mhucrois – agus b'fhiú cuairt a thabhairt air chomh maith mar ansin tá radharc álainn eile nach bhfuil a leithéid le feiceáil in Éirinn.
Tá Trá Phort a’ Chabhlaigh níos áisiúla ó thaobh snámha dhe don té nach bhfuil tonnta fhiáine an Mhucrois uathu – gidh go bhfuil an ghaineamh féin dubh le greamhar móna a thagann anuas ó sruthán sléibhe - ná lig dó cur as duit - níl dochar ar bith ann agus tá an tráigh féin iontach sábháilte ar fad.